Amazon.fr : Bottes et chaussons : Animalerie ugg cnaipe

Bottes et chaussons pour chiens

Previous page Next page Previous page Next page Previous page Next page Previous page Next page

1-24 sur 7 762 résultats pour Animalerie : Chiens : Textiles et accessoires : Bottes et chaussons


ugg outlet winkel
ugg goedkoop
uggs a la venta
ugg продажа сапог
ugg boots mini

Mise Áine ag Rámhaille

Me-thuiscintí

Tuesday, May 31, 2011

Is Fiú Trácht Air...

…ach ní féidir liom. Cén fáth? Seo an fáth – fadhb, arís eile, le Blogger!
Tá sibhse ag blagáil, tá mise ag blagáil, ach diabhal trácht uaim ar na hábhair atá i dtrácht agaibhse, cé gur mhaith liom trácht a fhágáil, anseo ‘s ansiúd.
Blogger fós ‘investigating an issue’ is cosúil. Is cuma.   Beidh mé ag léamh liom, ag coinneáil súil ghéar oraibh…go dtí go mbainfear an glas de mo mhéara…ansin buailfidh mo thrácht bóthar arís … Posted by Mise Áine at 8:41 PM 4 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: blag, blagálaí, fadhb, Google, meáin, teicneolaíocht

Monday, May 30, 2011

Ar Ais Arís

Anois, cá raibh mé? Oh, sea, bhí mé i mBaile Átha Cliath…

Tá sibh ann a déarfadh ‘Big deal!’, agus bheadh an ceart agaibh, ar bhealach. Bhí 'dealing' de shórt i gceist, gan dabht - roinneadh comhluadar agus craic, le comhbhlagálaithe, le cairde, le cine is le clann.
Agus, roinneadh scéalta go leor liom, bíodh siad fíor nó ná bíodh. Cuid de na scéalta sin, roinnfear anseo iad, de réir a chéile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile: an bhean leis an ngunna ina mála, an fear leathlámhach, na fir ag guí i dtreo an bhalla, an bhean ina luí ag an doras, an tiománaí tacsaí nár roinn go leor, ach a dúirt a dhóthain.
Ach, tá scéalta eile a chuala mé, nach roinnfear go brách, anseo ná in aon áit eile, mar gur roinneadh liom iad, le hiad a choinneáil faoi rún agus faoi choimirce, i gceangal an chairdis. Posted by Mise Áine at 8:47 PM 4 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: BÁC, blagálaí, camchuairt, cara, comhluadar, craic, scéal, teaghlach

Tuesday, May 24, 2011

Seanbhean Áine

De réir na pobalbhreithe seo, níl ach coicís agam le mo ghruaig a ghearradh, agus níor chóir dom a dhath eile ar an liosta thíos a chaitheamh, ach amháin an chulaith snámha.
An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach go dtí gur léigh mé tuairimí na mban sin, ní raibh a fhios agam go raibh teorannacha ann!
Pé scéal é, beidh mé as baile, gan mo ríomhaire, go ceann lá nó cúig, a léitheoirí. Tá éadaí le ceannach agam, an dtuigeann sibh. Meas tú cé mhéad a chosnódh polladh imleacáin… Posted by Mise Áine at 12:17 AM 6 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: barúil, camchuairt, craic, íomhá, meon, pobalbhreith, tuairim

Thursday, May 19, 2011

Ach Céard Í An Fhadhb?

Bhí mé i nDoire inniu, san Foyleside Shopping Centre, áit ar phioc mé suas pacáiste ó sheastán ann, pacáiste ina raibh nithe éagsúla a bhaineann leis an bhfeachtas seo, Seachtain um Chaidreamh Pobail 2011.

Pé scéal é, istigh sa phacáiste, bhí an balún thuas. Nuair a chonaic mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar an mBanríon Eilís II, agus ar ár nUachtarán uasal féin, Máire Mhic Ghiolla Íosa.
Ansin, thóg mé amach an mála thuas, agus smaoinigh mé ar na daoine sin a chuir fáilte roimh an mbanríon chuig an tír seo, agus smaoinigh mé, freisin, orthu siúd nár chuir fáilte roimpi.    Thóg mé amach an máilín milseán thuas. Nuair a léigh mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar na daoine sin a thugann dúshlán ciníochais agus seicteachais, na daoine sin atá de shíor ag obair ar mhaithe le síocháin agus ar son tuisceana, agus ghuigh mé rath a gCé orthu uilig.     Posted by Mise Áine at 10:59 PM 3 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: Cé, meon, polaiteoir, síocháin, tacaíocht, tuiscint

Wednesday, May 18, 2011

Bolgán Pléasctha

Ní raibh deis agam, go dtí tráthnóna inniu, súil a chaitheamh ar an gclár Prime Time Investigates, an clár sin faoi na tiománaithe tacsaí, clár a tharraing aird nach beag ar na fadhbanna san earnáil sin – faoi dheireadh.
Tá a taithí uafásach féin roinnte ag an gCailín Deas linn, agus táimse, mar bhean ach go háirithe, iontach buíoch di go ndeachaigh sí chuig na gardaí, agus gur éirigh léi a dóthain eolais a thabhairt do na gardaí, le go mbeidh siad in ann an tiománaí tacsaí sin a chur den bhóthar. Tá súil agam.
Fiú gan an scéal ón gCailín Deas léite agam, bhí uaim an clár sin a fheiceáil, agus inseoidh mé daoibh cén fáth, a léitheoirí. Tharla sé go raibh triúr ban i mo chomhluadar, níl sé i bhfad ó shin, agus bhí duine acu ag insint dom faoina taithí phearsanta féin le tiománaí tacsaí, i mBaile Átha Cliath, an deireadh seachtaine roimhe sin.
Bhí sí ar a bealach abhaile ón gclub oíche ina raibh sí, a cairde imithe le chéile i dtacsaí amháin, ise i dtacsaí léi féin, ó tharla cónaí uirthi ar an taobh eile den chathair, an dtuigeann sibh. Ní raibh sí ag ól an oíche sin, mar sin bhí cuimhne mhaith aici ar an gcomhrá a bhí aici leis an tiománaí.
Chomh luath agus a chuala sí na focail ‘If I had known it was going to be this quiet tonight, I would have stayed at home and watched some porn.’ ag teacht ón tiománaí, bhí a fón póca amuigh aici agus sonraí an tiománaí tacsaí á seoladh aici chuig a cairde sa tacsaí eile. Ar fhaitíos na bhfaitíos, a dúirt sí liom.
‘Why didn’t you get out of the taxi there and then?’ arsa mé féin léi, é soiléir le feiceáil ag an triúr acu go raibh díomá agus corraí orm go ndéarfadh tiománaí tacsaí a leithéid le bean ar bith, gan trácht ar é a rá le bean a bhí i dtacsaí ina haonar.
Pé scéal é, is cosúil go bhfuilim i mo chónaí, mar a dúirt duine den triúr liom, i mo ‘happy bubble’ anseo faoin tuath, áit nach bhfuil, a dúradh liom, gá agamsa le tacsaithe, agus áit ina bhfuilim iomlán aineolach, a dúradh liom, ar a bhfuil ag tarlú ar fud na cathrach i mBaile Átha Cliath.
Bhuel, b’fhéidir go raibh mé i mo ‘happy bubble’ agus aineolach, a léitheoirí, ach is léir domsa, ón gclár Prime Time Investigates, go bhfuil na daoine atá in ainm a bheith ar an eolas, agus atá in ainm a bheith ag rialú earnáil na dtacsaithe, go bhfuil siadsan istigh ina mbolgán féin, shílfeá.
Tá súil agam go bhfuil an bolgán sin pléasctha go maith anois ag an gclár Prime Time Investigates, agus go ndéanfar rud éigin, go luath, faoi earnáil ainrialta na dtacsaithe, sula mbeidh sé ródheireanach.   Posted by Mise Áine at 10:03 PM 6 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: clár, meáin, Prime Time, rialtas, RTÉ, uafás, údarás

Tuesday, May 17, 2011

Dallamullóg

Samhlaigh, agus tú ag breathnú ar an bhfíseán seo, gurb é an fear ar chlé an I.M.F, gurb iad pobal na hÉireann an fear i lár báire, agus gurb é an ciorcal sin an fear atá ina shuí go seascair ar thaobh na láimhe deise den tolg.    
Barúil...
Posted by Mise Áine at 10:31 AM 3 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: barúil, Ciorcal Órga, íomhá, polaitíocht, rialtas, youtube

Sunday, May 15, 2011

Fianaise

Cothrom an lae seo, dhá bhliain ó shin, bhogamar isteach inár dteach nua, Ceann Scríbe.
Le lá nó dhó, agus mé ar bhóithrín na smaointe, ag siúl liom timpeall an tí, thug mé faoi deara na marcanna atá ar na ballaí agus ar na hurláir anseo.
Ní salachar atá iontu, an dtuigeann sibh, ach is marcanna iad a tharlaíonn nuair a bhuaileann rud éigin i gcoinne an bhalla go tubaisteach, mar shampla, nó nuair a thiteann rud éigin trom, nó géaruilleanneach, ar an urlár, abair.   
Feicim iad, na marcanna sin, anseo agus ansiúd ar fud an tí. Tá a scéal féin ag chuile mharc. Glacaim lena bhfianaise. Níl iontu, i ndáiríre, ach roic an tí. Posted by Mise Áine at 10:37 AM 2 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: bóithrín na smaointe, Ceann Scríbe, cuimhní cinn, roic, teaghlach

Saturday, May 14, 2011

An Eoraifís - Mo Rogha

Leis an fhírinne a insint, ní mise an roghnóir buaiteora is fearr, go háirithe nuair is amhráin atá i gceist, ach, mar sin féin, tá a fhios agam céard a thaitníonn liom féin, agus aithním céard a thaitníonn le daoine eile, fiú mura n-aontaím lena rogha i gcónaí.
Tá an liosta seo ag titim isteach le mo rogha féin, ó thaobh rogha 10 de, ach ní mar sin a d’fheicfinn an t-ord, dá mba agamsa amháin a bheadh na vótaí le caitheamh, abair.
Ach, tá níos mó ná vóta amháin i gceist, ar ndóigh, agus níl cead agam vóta a thabhairt do Jedward, mar sin, dá mbeadh vóta amháin le caitheamh ag an mbean/máthair seo, is d’amhrán na Fionlainne a bheinn á thabhairt.
Taitníonn amhrán na hAsarbaiseáine agus amhrán na Danmhairge liom, gan trácht ar amhrán na Fraince, atá eisceachtúil agus éagsúil – ach b’fhéidir gur chuir na geallghlacadóirí an t-amhrán sin chun tosaigh róluath, agus go gceapfaidh vótálaithe go bhfuil sé slán sábháilte mar amhrán, agus go dtabharfaidh siad vóta d'amhrán eile. Hmmm...
Chomh maith leis sin, an bhfaighidh amhrán na Fraince vóta na hóige, rud a gheobhaidh Jedward, seans, lena n-amhrán atá, go dtí seo, curtha sa dara háit ag na geallghlacadóirí? Hmmm…
Tá a fhios agam go mbeidh na daoine óga ag tabhairt vótaí do Jedward, gan dabht, agus chuirfinn geall go ndéanfaidh amhrán na Sualainne agus amhrán na Gearmáine go maith, mar go bhfuil siad tarraingteach mar amhráin, i mo thuairim.
Tuigim go maith go bhfaighidh amhrán na Ríochta Aontaithe, agus amhrán na hEastóine, vótaí ó na vótálaithe óga, cé nach bhfuilim róthugtha dóibh mé féin. Tá siad ócé, ach i gcomparáid leis na hamhráin eile, ní hiad is fearr liom.
Ar aon nós, sin mise agus mo roghasa. Táim cinnte go bhfuil bhur mbarúlacha féin agaibhse, a léitheoirí, sé sin, más rud go bhfuil suim dá laghad agaibh sa chomórtas.
Má tá, bainigí sult as anocht, a chairde.

Mo chuimhne, Jedward Abú! Posted by Mise Áine at 2:29 PM 9 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: amhrán, ceol, comórtas, craic, Eurovision, Jedward

Friday, May 13, 2011

Is Féad-Jedward Linn!

Bhí fadhbanna le Blogger ó inné, agus dá bhrí sin, ní raibh fáil agaibh ar an mblag seo, ná ar bhlaganna éagsúla eile, go dtí anois.

Níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh le lucht Blogger an mhír dheireanach uaim aréir, ‘Ag Damhsa le Jedward’, a chailleadh, ach chaill siad é, in éineacht le haon trácht a fágadh. Á bhuel, sin an teicneolaíocht agaibh…  
Pé scéal é, chuir mé cóip eile den mhír ‘Ag Damhsa le Jedward’ isteach arís, anois díreach. Beidh an dáta as ord, ach ní féidir liom a dhath a dhéanamh faoi sin, a chairde.
Beidh a fhios agaibh uilig, faoin am seo, gur éirigh thar barr leis na leaideanna, agus go mbeidh siad sa bhabhta ceannais den Eurovision san oíche amárach.
Wúhúúúúúúúúúúúúúúúúú!  
Léim anseo gurb iad Jedward rogha mhór na coitiantachta an comórtas a bhuachan, agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar an damhsóir seo dá mbuafaidís.
Go n-éirí go geal leo!
♫♪♫♪♫♪ ‘ Got my lipstick on …’ ♫♫♫♪♪ Posted by Mise Áine at 8:08 PM No comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: ceol, Eurovision, Jedward, tacaíocht

Ag Damhsa le Jedward

Abraigí, agus ceapaigí, bhur rogha rud fúthu, a léitheoirí, ach beidh mise ag damhsa le Jedward anocht, ag tabhairt mo thacaíochta dóibh, fiú más i mo sheomra suite féin a bheas mé á dhéanamh.

Is maith liom na leaideanna óga seo. Is cuma liom faoina gcumas amhránaíochta, mar go bhfuil a fhios agam go ndéanfaidh siad a ndícheall ar ár son sa chomórtas anocht.
Is maith liom a spiorad, agus is maith liom a mbéasa. Is maith liom go dtugann siad dóchas do go leor daoine, idir óg agus aosta, agus níl dochar ar bith ansin, na laethanta duairce seo.
Mura dtuigeann sibh é sin, a léitheoirí, ní thuigfidh sibh fáth mo dhamhsa.
Go n-éirí libh anocht, a Jedward!
♫♪♫♪♫♪ Got my lipstick on…  ♫♫♫♪♪ Posted by Mise Áine at 7:14 PM 1 comment: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: ceol, Eurovision, Jedward, tacaíocht

Thursday, May 12, 2011

Feachtas Nua an I.S.P.C.C

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le clár Pat Kenny ar maidin, agus bhí sé ag labhairt faoi fheachtas nua an I.S.P.C.C.,   I Can’t Wait Until I Grow Up, feachtas ar a bhfuil aird nach beag, agus raic faoin bhfíseán, dírithe i láthair na huaire. (Fainic uaim, agus nasc chuig an bhfíseán, ag bun na blagmhíre seo.)
Ní raibh an físeán feicthe agam, ach chuir Pat an fuaimrian ar fáil don lucht éisteachta. Ansin, thosaigh sé ag caint le ball den I.S.P.C.C. fear a chreideann go bhfuil gá leis an bhfíseán, agus le síceolaí páistí, fear nach n-aontaíonn go hiomlán leis an bhfíseán, ceapaim.
Leis an fhírinne a rá, a léitheoirí, bhain an fuaimrian siar asam, agus thóg sé am orm teacht chugam féin, mar sin chaill mé cuid den chomhrá eatarthu. Ach, níor chaill mé na teachtaireachtaí éagsúla a tháinig isteach ó na héisteoirí eile ina dhiaidh sin, agus bhí an dá thaobh den scéal le cloisteáil uatha.
Tá daoine ann a chreideann go bhfuil gá lena leithéid d’fhíseán, le haird a tharraingt ar mhí-úsáid, agus, is dócha, ar chearta an linbh, ach, tá daoine eile ann, daoine nach n-aontaíonn leis an gcineál fógraíochta sin, ar chor ar bith.
Bhíothas ann, íospartaigh a chuir glaoch nó téacs isteach chuig an gclár, ag rá gur ghoin an fuaimrian/físeán iad, mar nach raibh siad ag súil leis; go dteastaíonn ‘fainic’ roimhe, nó leis. Gan an fhainic sin, ní bhíonn deis acu é a sheachaint, dá mba mhian leo, agus tagann a gcuimhní cinn féin aniar aduaidh orthu; mothaíonn siad pian a mí-úsáide féin, ón am a caitheadh, ag teacht sa mullach orthu arís.
Mar sin, seo m’fhainic chugaibh, a léitheoirí – más mian libh an físeán a fheiceáil, is féidir libh é sin a dhéanamh anseo. Mura mian, ná téigí in aice leis an nasc sin.
Níl raibh sé éasca ormsa, mar thuismitheoir, an fuaimrian a chloisteáil ar maidin, gan trácht ar an bhfíseán a fheiceáil, ach bhreathnaigh mé air, mar sin féin. Faraor, ach tharla, agus tarlaíonn, a leithéid de mhí-úsáid, go laethúil. Na páistí bochta…
Is féidir tacaíocht a thabhairt don I.S.P.C.C anseo. Posted by Mise Áine at 11:56 AM 6 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: meáin ISPCC  mí-úsáid Cearta an Linbh  tacaíocht

Wednesday, May 11, 2011

Cá nDeachaigh Siad?

Le mí anuas, táim ag coinneáil súil ghéar ar an gcrann silíní thuas, ag breathnú ar na bláthanna ag fás…
…ag fanacht go mbeadh an crann lán le bláthanna, le go mbeinn in ann grianghraf a thógáil de na bláthanna ag eitilt leo, ar an gcéad lá gaofar a thiocfadh..
...ach tháinig lá na gaoithe, i ngan fhios dom, agus fágadh mé leis an gceist,
‘Cá ndeachaigh na bláthanna?’
Rith an smaoineamh liom ar maidin, ar fheiceáil an chrainn nocht dom, a bhláthanna uilig bailithe leo, gur ionann an scéal lenár bpáistí, ar bhealach: cuirtear síol, bíonn siad faoi bhláth faoi choimirce ár ngrá, coinnítear iad ar chúl na gaoithe agus iad ag fás aníos, ach, ansin, lá amháin, i ngan fhios dúinn, shílfeá, imíonn siad, agus fágtar sinn leis an gceist,
‘Cá ndeachaigh na blianta?’   Posted by Mise Áine at 8:41 PM 5 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: aimsir, crann taca, géinte, máthair, nádúr, teaghlach, tuismitheoireacht

Tuesday, May 10, 2011

Béarlóir agus Béarlagair

An bhfuil a fhios agaibh céard a chuala mé ag cruinniú anocht, ó Bhéarlóir a chuala é ó Bhéarlóir eile, a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, ach tháinig an focal 'mot', focal atá le fáil i mbéarlagair Bhaile Átha Cliath don fhocal ‘girlfriend’, tháinig an focal sin 'mot' ón bhfocal Gaeilge ‘maith’.
Bhí mé amhrasach, ach, ar m’fhilleadh abhaile dom anocht, léigh mé an fhianaise scríofa anseo.
Meas tú an gciallaíonn sé sin go bhfuil go leor cailíní maithe i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuil Gaeilge á labhairt go minic ag na fir ann... Posted by Mise Áine at 1:52 AM 5 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: Béarla, béarlagair, focail, Gaeilge, nathanna cainte

Monday, May 9, 2011

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé amuigh ag siúl ar maidin, agus céard a chonaic mé ar an gcosán romham, é chomh nua sin go raibh sé ag glioscarnach le grian na maidine, céard a bhí ann ach píosa chúig cent.

Anois, is iondúil liomsa aon airgead a fheicim caillte nó caite go fánach mar sin, is iondúil liom é a phiocadh suas, agus é a chur i mo phóca; cé go bhfuil fear sa teach anseo liom i gCeann Scríbe a mhaíonn nach ionann airgead atá caite ar an drisiúr aige agus airgead atá ‘caillte’. Ach, sin scéal eile. Sea sin.
Ar aon nós, chinn mé ar maidin gan an píosa airgid a phiocadh suas, agus inseoidh mé daoibh cén fáth. Is cuimhin liom, agus mé i mo pháiste, an lúcháir a bheadh orm féin dá n-éiríodh liom pingin chaillte a aimsiú. Ar ndóigh, lom díreach i dtreo an tsiopa a théinn le mo phingin rua, le milseáin a cheannach, cé go mbínn breá sásta na milseáin a roinnt leis na daoine bochta, dá gcastaí a leithéidí orm, an dtuigeann sibh. 
Mar thoradh ar an gcuimhne sin, d’fhág mé na cúig cent san áit ina raibh siad, le deis a thabhairt do pháiste éigin an t-airgead, agus an lúcháir sin, a aimsiú.  
Ar mo bhealach abhaile ina dhiaidh sin, rith an smaoineamh liom nach bhféadfá mórán a cheannach ar chúig cent na laethanta seo, agus go m’fhéidir nach raibh fágtha i mo dhiaidh agam ach cianóg rua (brass farthing/red cent), nach fiú cros na cianóige é (worthless); nach raibh ann ach sciúrtóg (valueless coin), a d’fhágfadh an té gan sciúrtóg rua ina phóca aige (without a red cent in his pocket) gan phingin gan bhonn (penniless), agus cé nach bhféadfadh an t-aimsitheoir a rá nach raibh pingin rua ná geal aige (broke!), meas tú an bhféadfadh sé a rá nach raibh bonn bán ina phóca aige (hadn’t a penny in his pocket). Hmmm… Posted by Mise Áine at 11:29 AM 2 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: Ceann Scríbe, focail, focleolaí, foghlaimeoir, Gaeilge, gréasán, nathanna cainte

Thursday, May 5, 2011

An Raibh a Fhios Agaibh...

…go bhfuil pirimid againn in Éirinn, a léitheoirí?

Bhuel, tá, agus ní raibh a fhios agamsa a dhath fúithi, go dtí gur chuala mé Joe Duffy á lua, ar a chlár inniu.

Ní raibh ann ach sórt ‘mo chuimhne’ uaidh, ach luaigh sé an phirimid ó tharla é ag labhairt le bean a bhí ag dul ar saoire go Cionn Eitigh i gCo. Uíbh Fhailí, áit ina bhfuil an phirimid tógtha, dar leis.
Caithfidh mé a admháil gur shíl mé féin gur ag magadh a bhí sé, ach bhí sé lán dáiríre, a dúirt sé - leis an mbean a dúirt sé é, chan liomsa, an dtuigeann sibh, cé go raibh mise ag éisteacht, i ngan fhios dó.  
Pé scéal é, agus ar fhaitíos nach gcreideann sibh mé, tá scéal na pirimide gaelaí le léamh anseo. Tógadh í idir 1830 agus 1834, agus is mionmhacasamhail de Phirimid Mhór Cheops na hÉigipte í.
Nach iontach na rudaí a chloiseann bean, agus í ag cúléisteacht… Posted by Mise Áine at 9:22 PM 4 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: Éigipt, gréasán, iontas, Liveline, raidió, turasóireacht

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Más mian leat do vóta a chaitheamh do Gael-Réalta Gala 2011, tá agat go dtí amárach, 6 Bealtaine, le do vóta a chaitheamh anseo nó anseo.
Is iad seo a leanas atá ainmnithe:
Aoibhinn Ní Shúilleabháin Eimear Ní Chonaola Dáithí Ó Sé Síle Seoige Posted by Mise Áine at 2:42 PM 3 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: comórtas, Foras na Gaeilge, Oireachtas, tacaíocht

Wednesday, May 4, 2011

Guímis

B’fhéidir gur cuimhin libh an scéal seo, scéal brónach faoi Saoirse Heffernan, cailín beag cúig bliana d’aois, a fuair bás ag tús na bliana.
Mar a scríobh mé ag an am, tá an galar céanna a sciob Saoirse óna muintir, Batten’s Disease, ar a deartháir, Liam, leaidín atá dhá bhliain d’aois anois; luathchomharthaí an ghalair mharfaigh le brath ar a cholainn óg cheana féin.
Bhuel, inné, in ospidéal i Nua Eabhrach, cuireadh Liam faoi scian. Máinliacht inchinne cheannródaíoch a rinneadh air, agus táthar ag súil go n-éireoidh le Liam an lámh in uachtar a fháil ar an ngalar, má éiríonn go maith leis na géinte nua a fuair sé i rith na hobráide.  
Guím go dtiocfaidh a dhea-shláinte ar ais chuig Liam, agus go raibh ag a thuismitheoirí, Tony agus Mary, an neart agus an misneach atá ag teastáil ag an am seo. Posted by Mise Áine at 7:51 PM 2 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: galar, tacaíocht

Ar Thóir an tSonais

Bhí Alex Hijmans liom i mBarcelona, ar bhealach.

Ní raibh sé féin ann liom, an dtuigeann sibh, ach bhí an leabhar a scríobh sé, Favela, liom agam, leabhar atá scríofa chomh hionraic simplí sin gur mhothaigh mé go raibh Alex féin le mo thaobh, ag insint an scéil dom.  
D’fhoghlaim mé go leor ón leabhar iontach seo. Táim fíor bhuíoch don údar, Alex, agus do Nilton, agus do Naná, agus do Bhruno, agus do na déithe uilig a shiúil le mo thaobh ar bhóithre Tancredo Neves na Brasaíle - táim buíoch díobh uilig, mar gur airigh mé liom iad, leathanach i ndiaidh leathanaigh, a scéalta á roinnt acu liom, mar a bheinn á gcloisteáil uatha féin, go pearsanta.
Is tallann ar leith a bhaineann lena leithéid de scríbhneoireacht; scríbhneoireacht údair a tharraingíonn an léitheoir, ní hamháin isteach sa scéal, ach isteach sna tithe leis, le go bhfaighe tú aithne ar na daoine, le go bhfaighe tú aithne ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, le go bhfeice tú an chaoi a maireann siad i mbruachbhaile bocht, i gceann de favelas na Brasaíle.
Léigh an leabhar, más rud go bhfuil tú ar thóir do chuid sonais féin, a léitheoir. Má léann tú é, tá seans ann go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar an rud is ‘sonas’ ann.
Go raibh maith agat, a Alex. Bhain mé sult as do chomhluadar i mBarcelona.                                ********************** Is féidir léirmheas Aonghuis a léamh anseo. Is féidir blag Alex a léamh anseo.
Favela; Ar Thóir an tSonais i mBruachbhaile Bocht (Cois Life, 2009, Alex Hijmans, ISBN 978-1-901176-96-4) Posted by Mise Áine at 9:12 AM 4 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: Alex Hijmans, blag, leabhar, léirmheas

Tuesday, May 3, 2011

Le Faomhadh

Is áis iontach í focal.ie, agus bím istigh ar an suíomh sin acu, ag cuardach liom, go minic.
Tharla sé go raibh mé istigh ann ar maidin, ar thóir an fhocail chuí do ‘cockpit’, agus, ón rogha a tugadh dom, chinn mé ar ‘cró an phíolóta’ a úsáid, mar atá le feiceáil agaibh, i mo bhlagmhír dheireanach.
Ach, bhí leaganacha eile ann, cinn atá ‘le faomhadh’ an dtuigeann sibh.   Céard do bharúil, a léitheoir – an mbeifeá féin sásta le poll an tiománaí, meas tú? Posted by Mise Áine at 10:00 PM 5 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: focail, focal.ie

Fuinneog na Faille

Tá sé de nós agam na focail ‘tá súil agam’ a scríobh, nó a rá, ag deireadh abairte, abairt ina bhfuil sé luaite agam go bhfuilim ag brath ar rud a dhéanamh, an dtuigeann sibh. Tá fáth leis sin.

‘Céard atá i gceist agat, a Áine?’ cloisim uaibh.
Bhuel, nuair a scríobh mise, i mo bhlagmhír dheireanach, mar shampla, ‘Faoin am seo amárach, beidh mé i mBarcelona…’ bhí mo bhrath luaite agam, ach chuir mé ‘tá súil agam’ ag deireadh na habairte, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh.
Ní hé nach bhfuilim dóchasach, a léitheoirí, ach d’fhoghlaim mé, thar na blianta, nach féidir brath ar inneall ná ar intinn, agus is fearr bheith ullamh don ‘eachtra gan choinne’, mar a déarfá.
Cén eachtra gan choinne a tharla, a Áine?’ cloisim uaibh.
Bhuel, an geábh seo, fadhb leis an bhfuinneog i gcró an phíolóta ba chúis leis an moill a cuireadh ormsa, agus ar chuile dhuine eile san eitleán liom, tráthnóna Dé Céadaoin seo caite; fadhb a d’fhág go raibh orainn an oíche a chaitheamh in óstán i mBaile Átha Cliath, seachas in óstán i mBarcelona, mar a bhí braite agam.  
Sea, thréig mo ‘bhrath’ mé. Bhí mo ‘tá súil agam’ fíoraithe, ar bhealach. Níor fhágamar aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an lá arna mhárach, rud a d’fhág nach raibh agam ach trí lá agus trí oíche i gcathair álainn Bharcelona. Tuilleadh faoi sin amach anseo.
Ach anois, ar ais linn go dtí cró an phíolóta, ar eitleán Aer Lingus, oíche Dé Céadaoin, in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhíomar deireanach ag dul ar bord, ó tharla nár osclaíodh na geataí in am. Ní haon chás annamh a leithéidí sin, cloisim uaibh, a léitheoirí, agus bheadh an ceart agaibh.
Mar sin féin, tar éis dhá uair go leith a chaitheamh ar an eitleán féin, ag breathnú ar innealtóirí ag teacht agus ag imeacht as cró an phíolóta, bhí nóisean agam go raibh, ahem, fadhb éigin ár gcoinneáil ar an rúidbhealach. Go deimhin, bhí an dara ‘xanax’ slogtha agam faoin am sin.
Ní réitíonn mise agus eitilt go rómhaith lena chéile, an dtuigeann sibh, agus bhí éifeacht an chéad xanax, táibléad a tógadh ‘one hour before the flight is due to leave’ mar a moltar, bhuel, bhí a éifeacht maolaithe go maith, in éineacht le mo mhisneach, chomh luath agus a chonaic mé an chéad innealtóir ag dul isteach sa chró.  
Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, cuireadh den eitleán muid faoi dheireadh, agus cuireadh go hóstán muid, áit ina raibh dinnéar ag fanacht linn, agus seomraí réidh faoinár gcoinne.
An fhadhb leis an eitleán? Bíodh sé fíor nó ná bíodh, dúradh liom go raibh fuinneog chró an phíolóta oscailte, agus nach raibh siad in ann í a dhúnadh. Faoin am sin, bhí seacht n-uaire an chloig caite agam san aerfort, agus ba chuma liom faoin fhuinneog chadránta. Ní raibh uaim ach gloine fíona agus leaba. Chaith Aer Lingus go hiontach linn, caithfidh mé a rá.
Ar an mbealach chuig an óstán, ar an mbus a cuireadh ar fáil dúinn, chuala mé comhrá ar mo chúl.
Just as well we weren’t flying with Ryanair…’ arsa an bhean, ‘…or we’d be spending the night on the airport floor, instead of in a hotel.’
‘Not true…’ arsa a fear deisbhéalach léi, ‘…Ryanair would have flown to Barcelona, and left the window open.’ Posted by Mise Áine at 10:11 AM 5 comments: Email This BlogThis! Share to Twitter Share to Facebook Share to Pinterest Labels: Aer Lingus, BÁC, Barcelona, eitilt, faill, gáire, Ryanair Newer Posts Older Posts Home Subscribe to: Posts (Atom) My photo Mise Áine Me-thuiscintí uilig atá anseo! View my complete profile

Cartlann

Rámhaille i Ríomhphost

Ag Tvuíteáil

Tweet

Comhbhlagálaithe